Scéimeanna Tacaíochta Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Gabhaim buíochas leis an Aire. Bhí an scéim an-úsáideach i gcomhair phobal na Gaeltachta mar rinneadh athchóiriú ar an chéad píosa den bhóthar ar a raibh siad ag tiomáint ar maidin agus an píosa deireanach sa tráthnóna ar a raibh siad ag taisteal agus iad ag filleadh abhaile. Tá sí dírithe ar bhóithre a bhí fágtha ar leataobh go minic ag an gcomhairle contae de bharr go raibh siad ag díriú ar bhóithre níos gnóthaí. Tuigim nach mbeidh an scéim tosaithe thar oíche agus go mbeidh roinnt oibre sa chúlra i gceist. Cad iad na céimeanna atá tógtha go dtí seo chun an scéim sin a athoscailt? An bhfuil plé, mar shampla, le hÚdarás na Gaeltachta, le Roinn na Gaeltachta nó le comhairlí contae ar conas a dhéanfaí láimhseáil ar an scéim? Cad iad na céimeanna atá bainte amach go dtí seo cheana féin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10