Scéimeanna Tacaíochta Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá obair bhunúsach déanta ag m’oifigigh sa Roinn. Tá muid ag scrúdú na meicníochta a bheidh muid in ann úsáid chun cuidiú leis na bóithre sin, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu ar na bóithre sin nó a úsáideann iad le haghaidh obair feirmeoireachta. Mar a dúirt mé, tá an scéim feabhsaithe áitiúil ann agus tá mé ag cur béim ar an scéim sin chun airgead breise a fháil a thabharfaidh cuidiú breise do na húdaráis áitiúla ina bhfuil ceantar Gaeltachta. Tá muid fós beartaithe ar scéim na mbóithre áise a thabhairt ar ais mar tuigim cé chomh tábhachtach is atá sí ó scéal an Teachta. Tá sé ag cur brú orm. Tá Teachta Pat the Cope Gallagher ag crú brú orm freisin. Tuigim, agus tuigeann an tAire Stáit, an Teachta Buttimer, cé chomh tábhachtach is atá scéim na bóithre áise agus an scéim feabhsaithe áitiúil. Tá muid ag scrúdú na meicníochta is tapa agus éifeachtaí chun cuidiú le daoine agus na bóithre sin a fheabhsú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10