Scéimeanna Tacaíochta Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Nuair a thiocfaidh Roinn na Gaeltachta go dtí an Roinn caiteachais phoiblí, is é sin an rud a bheidh muid ag déanamh. Is mian linn go mbeidh deiseanna breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus muintir na n-oileán. Tá sé tábhachtach go mbeidh na deiseanna breise sin ar fáil do mhuintir na Gaeltachta amháin agus go mbeidh siad in ann iad a úsáid. Is é an rud is tábhachtaí ná go n-oibríonn muid amach scéim chun tacú agus cuidiú le muintir na Gaeltachta le haghaidh na mbóithre áitiúla a úsáideann siad, mar a dúirt an Teachta, ag tús agus deireadh an lae. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh scéim againn le cuidiú leis na daoine sin go díreach agus go tapa, agus go mbeidh an t-airgead ann le haghaidh an bhealaigh sin. Tá mé ag obair ar bhealach tapa chun airgead breise a chur i dtreo mhuintir na Gaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10