Stádas na Gaeilge san Eoraip Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West De réir an embassy, táthar den tuairim go bhfuil thart ar 15,000 Éireannach sa Bhruiséil faoi láthair. Is Gaeilgeoirí iad an-chuid acu. Mar shampla, chonaiceamar an clár teilifíse “La Vie sa Bhruiséil” ina léiríodh an pobal beo bríomhar atá inti. Mar sin, lasmuigh den chóras oifigiúil, is léir go bhfuil pobal Gaeilgeoirí ann. An bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun tacú le pobal na Gaeilge lasmuigh den chóras oifigiúil chun go mbeidh, mar shampla, Gaeilge le cloisteáil sa Bhruiséil nó aon áit eile sa tslí céanna is atá an Pholainnis nó aon teanga eile le cloisteáil? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10