Stádas na Gaeilge san Eoraip Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Aontaím go mór leis an Teachta go bhfuil sár-iarracht ar bun, go háirithe le haghaidh na nGaeilgeoirí sa Bhruiséil. Is iontach a fheiceáil, in gach cathair san Eoraip, agus níos faide i gcéin, go bhfuil muintir na Gaeilge beo agus ag úsáid Gaeilge. Go háirithe sa Bhruiséil, tá dream iontach inti atá ag baint a lán úsáide as an nGaeilge. Eagraíonn siad Seachtain na Gaeilge gach Márta sa Bhruiséil agus oibríonn siad leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún. Bhí mé i láthair an tseachtain sin cuid mhaith blianta ó shin nuair a bhí mé i m’Aire Stáit sa Roinn fiontair ag an am. Níl aon sonraí agam faoin saghas cuidithe. Gheobhaidh mé na sonraí don Teachta. Má táimid in ann oibriú agus cuidiú le haon duine a bhfuil spéis aige nó aici i gcúrsa Gaeilge, go háirithe chun a scileanna Gaeilge a úsáid san Aontas Eorpach, cuideoimid leo. Agus Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach ag teacht an bhliain seo chugainn, táimid ag cur béime go mbainfimid úsáid as an nGaeilge i gcomhthéacs na hUachtaránachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10