Stádas na Gaeilge san Eoraip Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Céim shuntasach a bhí ann chun an t-aitheantas don Ghaelainn a bhaint amach. Sa bhliain 2005, bhí an chéim ba mhó ann. Thug sé ardú meanman. Bhí foireann mhór ateangairí agus go leor eile ag teastáil chun a chinntiú go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm sa chóras sa Bhruiséil. An bhfuil go leor daoine ar fáil? An bhfuil an fhoireann ann? Is dócha go bhfuil an Rialtas in iomaíocht le hateangairí sa tír seo chomh maith. An bhfuil céimeanna á dtógáil chun a chinntiú go mbeidh daoine breise, ateangairí agus aon duine eile atá bainteach leis an gcóras féin ina measc, ar fáil sa Bhruiséil agus sa tír seo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10