Stádas na Gaeilge san Eoraip Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Is é sin an rud is tábhachtaí faoin gceist seo. Tá dúshláin ann chun iarrthóirí a fháil a bhfuil na scileanna acu chun obair ar chaighdeán teanga an Aontais Eorpaigh. Tá an caighdeán sin tábhachtach. Tá oifigigh i mo Roinn i gcónaí ag obair leis na hinstitiúidí tríú leibhéil ionas go mbeidh na daoine agus na graduates leis na scileanna ann chun na scileanna sin a úsáid. Tá níos mó ná €1 milliún á chaitheamh ar an advanced Irish-language skills initiative ionas go mbeidh daoine réitithe le poist a fháil san Aontas Eorpach, agus go mbeidh na caighdeáin teanga a éilíonn an AE acu agus iad ag fágáil na n-institiúidí tríú leibhéil ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh. Is traenáil speisialta í, go háirithe i gcúrsaí dlí agus aistriúcháin mar tá an caighdeán dlí agus aistriúcháin an-ard san AE. Is é sin an fáth go bhfuil an Rialtas ag déanamh na hinfheistíochta sin ionas go mbeidh na scileanna ann chun an Ghaeilge a úsáid. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10