Oideachas Tríú Leibhéal Dail Éireann — 2026-04-23 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ar a laghad tá tuiscint ann anois go bhfuil gá chun gníomh a dhéanamh agus díriú isteach ar an gceist seo. Tá roinnt de na hinstitiúidí tríú leibhéal ar an eolas faoin ngá díriú isteach ar an gceist, ach don chuid is mó tá siad ag caint faoi láthair ar modules a chur ar fáil sna cúrsaí, seachas go mbeadh an cúrsa iomlán i nGaeilge. Tá buntáiste ag an dá chóras, ach sa deireadh thiar thall, muna bhfuil an cúrsa ina iomláine trí Ghaeilge, déanann sé níos deacra do roinnt de na gairmeacha a chur i láthair i gceart as Gaeilge. Ní leor do dhochtúir a bheith in ann Gaeilge a labhairt. Is gá dóibh an t-eolas a bheith acu agus é a chur i láthair sa Ghaeilge theicniúil a bhainfeadh le dochtúir, innealtóir nó aon duine mar sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-04-23/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:48+00:00 Sitting date: 2026-04-23