Oideachas Tríú Leibhéal Dail Éireann — 2026-04-23 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Deputy Aengus Ó Snodaigh: Táimid ag díriú isteach ar cheann de na ceisteanna go gcaithfimid mic léinn a mhealladh isteach sa chóras chun na hábhair seo a dhéanamh. Ní bhíonn a fhios acu. Níl an cúrsa ar fáil. Faoin am atá sé ar fáil, tá na mic léinn seo tar éis bogadh ar aghaidh. Mar shampla, bhíodh céim san iriseoireacht ann go hiomlán trí Ghaeilge. Níl sé ann a thuilleadh, in ainneoin go bhfuil TG4 againn anois agus tá fás i ngach uile gné den saol ó thaobh na meán cumarsáide. Tá roinnt réimsí ar féidir linn daltaí a mhealladh isteach ann an-tapa. Tógfaidh sé i bhfad Éireann níos faide do chinn eile. Caithfidh straitéis a bheith ann ionas go bhfuil a fhios againn go bhfuil innealtóirí, dochtúirí, lianna de shóirt eile, fiú garraíodóirí agus a leithéid, go bhfuil an tomhas acadúil acu as Gaeilge, ní díreach an Ghaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-04-23/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:48+00:00 Sitting date: 2026-04-23