Oideachas Tríú Leibhéal Dail Éireann — 2026-04-23 ============================================================ James Lawless (FF), Kildare North Níor luaigh mé leis an Teachta Dála gur fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge sa King’s Inns at the time. Tuigim an pointe sin. Tá an Roinn ag tacú le húsáid na Gaeilge ag an tríú leibhéal trí mhaoiniú a leithdháileadh ar institiúidí tríú leibhéal. Dáileadh €1.6 billiún ar institiúidí tríú leibhéal tríd an Údarás um Ard-Oideachas mar bhloc deontais chun tacú le soláthar oideachais tríú leibhéal lena n-áirítear soláthar don Ghaeilge. Arís, dáiltear €900,000 gach bliain tríd an soláthar speisialta chun tacú le húsáid na Gaeilge i measc foirne agus mac léinn ag an tríú leibhéal. Leithdháiltear €1.76 milliún gach bliain ar Ollscoil na Gaillimhe chun tacú le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim é Gníomhaí Gaeilge do mhic léinn a bhfuil baint acu leis an nGaeilge ar an tríú leibhéal. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-04-23/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:48+00:00 Sitting date: 2026-04-23