Earcaíocht agus Soláthar Foirne Tríú Leibhéal Dail Éireann — 2026-04-23 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ní féidir agus ní ceart go mbeadh Pontius Pilate á dhéanamh sa chás seo. Is cinneadh Rialtais a bhí ann Acht Ollscoil na Gaillimhe a thógáil isteach in 2005 nó 2006. Rinneadh ísliú ar stádas na Gaeilge ó thaobh coinníollacha a bheith ann maidir leo siúd atá i gceannas ar an gcoláiste. Is féidir leis an Rialtas, tríd leasuithe a dhéanamh ar an Acht atá ann faoi láthair, dualgas a bheith ann go mbeadh cáilíochtaí ar leith ann - toisc an príomhról atá ag an ollscoil seo maidir leis nGaeilge - agus go mbeadh ar iarrthóirí a bheith inniúil sa Ghaeilge. Ní caitheamh anuas é seo ar na daoine atá sna poist seo. Fuair siad an post tríd an ngnáthchóras. Is caitheamh anuas ar an gcóras é nach raibh an coinníoll ann sa chéad dul síos. Dá réir, tá ísliú tugtha don Ghaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-04-23/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:48+00:00 Sitting date: 2026-04-23