Earcaíocht agus Soláthar Foirne Tríú Leibhéal Dail Éireann — 2026-04-23 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tuigim cad atá á rá ach tá ról ag an Aire tríd reachtaíocht na Tithe seo. Bhí an díospóireacht ann agus léiríodh an bhuairt ag an am. In fact, sular éirí sé as, léirigh Éamon Ó Cuív, duine do chomhghleacaithe an Aire, an bhuairt chéanna. Chuir sé Bille chun cinn chun tarraingt siar ón gcinneadh a glacadh in Acht 2006. Thug sé an Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2017, chun cinn a bhí dírithe ar cinnte a dhéanamh de go raibh stádas níos daingne agus níos láidre ó thaobh na Gaeilge de sa choláiste, agus go mbeadh tús áite ann ó thaobh na Gaeilge de. An bhuairt atá ann ná muna bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu siúd ag an leibhéal is airde sa choláiste go ndéanfaidh sé dochar don straitéis atá ann. Tá straitéis ann a bhí ag tabhairt borradh don Ghaeilge sa choláiste agus tá dainséar ann anois. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-04-23/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:48+00:00 Sitting date: 2026-04-23