Oideachas trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-04-23 ============================================================ James Lawless (FF), Kildare North B'fhéidir go mbeadh suim ag an Teachta i ngrúpa oibre earnála nua um riachtanas oideachas treasach don Ghaeilge san earnáil phoiblí. Tá an grúpa oibre seo á bhunú ag an Roinn agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoi ghnímh 4.3.3 den Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028. Is oifigigh shinsireacha ón dá Roinn, chomh maith le páirtí leasmhara earnála ó Ranna Rialtais ábhartha, gníomhaireachtaí Stáit agus ionadaithe ó na hearnálacha breisoideachais agus ardoideachais a bheidh mar chomhaltaí an ghrúpa. Is é cuspóir an ghrúpa machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir réimse iomlán an soláthar oideachais tríú leibhéal ar fud an ardoideachais, breisoideachais, na hoiliúna, na bprintíseachtaí, agus na foghlama tacú leis an bplean náisiúnta do sheirbhísí Gaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-04-23/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:48+00:00 Sitting date: 2026-04-23