Ministers and Secretaries and Ministerial, Parliamentary, Judicial and Court Offices (Amendment) Bill 2025: Committee and Remaining Stages Dail Éireann — 2025-02-12 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá mé ag cur i gcoinne an chuid seo den Bhille. Bhuel, tá mé i gcoinne an Bhille ina iomlán. Bhí mé ag éisteacht leis an Aire nuair a thosaigh sé níos luaithe agus é ag trácht ar an Ministeries and Secretaries Act 1924, áit a rinneadh seacht parliamentary secretaries a roghnú ag an am. Ní raibh an Bunreacht ann fiú ag an am. An fáth go ndeirim sin ná go bhfuil sé an-soiléir cad atá i gceist sa Bhunreacht ó thaobh an Cabinet de nach mbeadh ach 15 ann agus é sin leagtha síos sa Bhunreacht go lom. Chomh maith leis sin, má tá dualgais agus ualach oibre á thabhairt d’Aire, agus airgead, táillí, liúntais agus pá ar leith á thabhairt dóibh chun jab a dhéanamh, is aitheantas é sin go bhfuil dualgais bhreise orthu. Ansin tugtar na dualgais sin do na hAirí sóisearacha. Ní fheicim conas is féidir "dualgas" a thabhairt. Is féidir “functions” a thabhairt, mar a luadh, ach ní féidir dualgais nó na cumhachtaí atá i gceist leis sin a roinnt ar dhaoine nach bhfuil ag suí sa Cabinet agus nach bhfuil freagrach don Executive mar atá sé leagtha síos sa Bhunreacht. Ar phointe eile a ghabhann leis seo chomh maith, má fhéachaimid ar Airteagal 15 den Bhunreacht, tá sé cuíosach soiléir in alt 4.1°: 4 1° Ní cead don Oireachtas aon dlí a achtú a bheadh ar aon chuma in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála den Bhunreacht seo. Nuair a fhéachtar go bhfuil sé leagtha amach cuíosach soiléir sa Bhunreacht go bhfuil sé i gceist nach mbeadh ach 15 san Executive, feicfear go bhfuil sé seo ag teacht go huile is go hiomlán salach air sin. Is é sin an fáth go dtacaím leo siúd, cosúil leis an Teachta Pa Daly ó mo pháirtí féin, atá ag tógaint cás cuairte i gcoinne an rud atá an Rialtas ag triail a dhéanamh anseo agus i gcoinne an sórt cur chuige atá tar éis a bheith ag an Aire sa chás seo, agus ag rialtais le déanaí, cur le líon na nAirí bliain i ndiaidh bliana, beagnach, mar go bhfuil sé ag teacht salach ar an méid atá sa Bhunreacht. Má ritear an Bille seo - ag féachaint anois ar an vóta, tá an chosúlacht air go rithfear - sa Dáil agus b’fhéidir sa Seanad ina dhiaidh, ba chóir go mbeadh ról ansin ag Comhairle an Stáit. Ba chóir go bhféachfadh an tUachtarán air seo agus go gcuirfeadh sé chuig Comhairle an Stáit é le go mbeadh an chomhairle sin nó an Chúirt Uachtarach ag féachaint ar an gceist seo chun tuiscint a bheith acu an bhfuil an reachtaíocht seo ag teacht salach ar an méid atá sa Bhunreacht. Tá mise den tuairim go bhfuil. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag tagairt d’Airteagal 15.4.1° agus d'Airteagal 15.4.2° ar an ábhar céanna. Measaim go bhfuil sé seo go huile is go hiomlán droim ar ais ar cad atá i gceist sa Bhunreacht, ag smaoineamh ar an méid airgid agus an méid tacaíochta a fhaigheann Airí sa chéad dul síos agus ansin go bhfuil neamhaird á dhéanamh air sin nuair atá an obair chéanna nó roinnt den obair sin á tabhairt do dhaoine in ainneoin cad atá ráite sa Bhunreacht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-02-12/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:00:55+00:00 Sitting date: 2025-02-12