Education Policy Dail Éireann — 2026-02-12 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tuigim cad atá á rá ag an Aire agus fáiltím roimh an tascfhórsa, ach amháin go bhfuil sé blianta ró-dhéanach do a lán dóibh siúd atá tar éis teacht tríd an córas Gaeloideachais ag an mbunleibhéal, agus nach raibh aon sholáthar dóibh dul chuig meánscoil trí mheán na Gaeilge. Is é sin an Stát ag loic ar na cearta oideachais agus teanga atá na daltaí sin ar fad. Ní mise atá á rá sin, ach an Coimisinéir Teanga. Dúirt an coimisinéir ag an gcoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge in 2024, "Ní léir go bhfuil freastal cóir á dhéanamh, áfach, ar an éileamh ar sholáthar na iarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge." Ní leor an méid sin. Ar an liosta de na ceantair nach bhfuil an soláthar sin ar fáil iontu, cé go bhfuil an t-éileamh ann, tá leithéidí Caisleán an Bharraigh, Cill Dhéagláin, Coill na Silíní, Droichead na Bandan, Fionnbhrú, Sord agus Mullach Íde. Is iad sin na háiteanna ina bhfuil breis is 500 dalta ag iarraidh freastal ar Ghaelcholáiste. Is gá obair i bhfad Éireann níos tapúla a dhéanamh ná mar atá i gceist ó thaobh an tascfhórsa de. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-12/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-02-12