Education Policy Dail Éireann — 2026-02-12 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá léarscáil ansin agus tabharfaidh mé don Aire níos déanaí é. Taispeánann na pointí buí ar an léarscáil na Gaelscoileanna. Tá éileamh ann don oideachas trí Ghaeilge. Níl, nach mór i lár na tíre ar fad, aon mheánscoil lánGhaeilge. Tá éileamh ann. B'fhéidir nach bhfuil sé chomh mór céanna leis an éileamh don Bhéarla, ach ní chiallaíonn sé sin gur chóir don Stát loic ar na cearta atá ag daltaí oideachas a bheith acu trí Ghaeilge. Tá ag teipeadh ar an Stát. Glacaim leis go bhfuil céimeanna chun tosaigh glactha ach, in ainneoin an méid a dúirt an tAire, níl go leor acu. Is gá díriú isteach air sin. Dúirt an tAire ag an tús go bhfuil 314 ceantar pleanála scoile ann. Tá 264 acu sin gan meánscoil trí Ghaeilge. Is léiriú é sin ar an fhadhb bhunúsach atá ann ó thaobh an Stát de. An bhfuil an Roinn chun díriú isteach ar na háiteanna ar luaigh mé ina bhfuil feachtais, tuismitheoirí agus éileamh atá cruthaithe cheana féin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-12/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-02-12