Education Policy Dail Éireann — 2026-02-12 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Aontaím go hiomlán leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, i dtaobh na háiteanna nach bhfuil meánscoileanna lánGhaeilge iontu. Tá an-chuid de na meánscoileanna lánGhaeilge atá againn faoi bhrú i dtaobh foirgnimh agus spáis. Tá éileamh níos mó ann ná mar gur féidir leo freastal air de dheasca an easpa infheistíochta i bhfoirgnimh, suíomhanna agus a leithéid. Táim ag smaoineamh ar Ghaelcholáiste Phort Láirge i gcathair Phort Láirge, a bhfuil ag feidhmiú as prefabs le blianta anuas agus nach bhfuil baile dá chuid féin aige. Freastalaíonn an Ghaelcholáiste seo ar éileamh ó roinnt mhaith bunscoileanna lánGhaeilge sa cheantar - i dTrá Mhór, i gcathair Phort Láirge agus sa cheantar mághuaird. Ta géarghá anois le hinfheistíocht ní hamháin sna cheantair nach bhfuil meánscoil lánGhaeilge iontu ach freisin sna meánscoileanna lánGhaeilge atá ar an bhfód cheana féin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-02-12/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-02-12