Disability Issues Dail Éireann — 2026-03-03 ============================================================ Barry Heneghan (IND), Dublin Bay North Táim tar éis é seo a rá sa Teach seo cúpla uair anois. Nuair a thosaíonn daoine le míchumas ag obair, tá seans go gcaillfear an pas saor in aisce don taisteal. Níl sé sin féaráilte ar chor ar bith. Níl sé cothrom. Má táimid ag iarraidh go mbeidh an méid is mó daoine le míchumas gur féidir leo a bheith san fhórsa oibre páirteach ann, bheadh sé i bhfad níos fearr mura raibh siad chun an pas sin a chailliúint. Le bheith ionraic, má táimid ag iarraidh é sin a chinntiú – bhí mé ag caint leis an Aire, an Teachta Calleary, agus dúirt sé go raibh seans ann – caithfimid an brú is mó gur féidir linn a chur ar an Roinn chun é sin a cheadú. Níl sé cothrom go dtarlaíonn sé sin nuair a théann daoine ar ais go dtí an obair. Níl sé féaráilte. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-03/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-03-03