Seachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2026-03-03 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Déanaim comhghairdeas leis an gCeann Comhairle as a cuid Gaeilge. Tá sí ag éirí níos láidre. Ag cloisteáil na díospóireachta inniu, bhí sé suimiúil go raibh a lán daoine ag gabháil leithscéalta as a gcuid Gaeilge. Níl aon ghá leis sin. Is ceart go n-úsáideann muid í sa Teach seo agus sa Teach eile. Ba cheart go mbeadh muid in ann í a úsáid ar lá ar bith, ní hamháin le linn Sheachtain na Gaeilge. Déanaim comhghairdeas leis an dhá chlub Chumann Lúthchleas Gael, An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis, as na buanna a bhí acu. I congratulate An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis GAA clubs. I will be there on Thursday and Friday. Maybe I will pick up a few tips to bring back to Mayo on how to win an all-Ireland. Bhí sé iontach go raibh na captaein agus na buaiteoirí in ann óráidí a dhéanamh as Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh. As the Deputy said, the richness in that moment for two Gaeltacht clubs, after winning all-Ireland club championships, that their captains were able to address the crowd and give their congratulations as Gaeilge, was fantastic. That was very much the cream of their victories. I join with the Deputy in that regard. Ceapadh mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta mé ag tús na bliana seo caite. Is mé an chéad Aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le tamall de bhlianta anuas. Ó shin i leith, ceapaim go bhfuil obair shuntasach déanta agam agus ag an bhfoireann iontach atá agam sa Roinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus pobal na Gaeltachta a neartú agus a fhorbairt. Is é seo an chéad uair le blianta nach bhfuil Catherine Connolly anseo mar Theachta Dála. Gach lá dá raibh sí sa Teach seo, bhain sí úsáid as an nGaeilge. Gabhaim buíochas le hUachtarán na hÉireann, duine a bhfuil Gaeilge líofa aici, agus muid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Is rud iontach é go bhfuil Uachtarán eile againn le Gaeilge, tar éis an iarUachtarán Michael D. Higgins. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach agam don chéad chúpla bliain eile. Táim cinnte dearfach go ndéanfaidh an obair seo difríocht mhór do phobal labhartha na Gaeilge agus don Ghaeltacht. Ní féidir na spriocanna seo a bhaint amach gan rannpháirtíocht ó réimse leathan daoine, grúpaí agus eagraíochtaí, lena n-airítear pobal na pleanála teanga, na Ranna Stáit, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, na ceanneagraíochtaí, na húdaráis áitiúla agus na heagraíochtaí Stáit trí chéile. Le breis agus bliain anuas, bhí mé gnóthach ag taisteal ar fud na tíre agus ag bualadh le pobal na teanga. Mar a dúirt mé, tabharfaidh mé cuairt ar Chontae Chiarraí ar an Déardaoin agus ar an Aoine. I mí Dheireadh Fómhair seo caite, ba mhór an onóir dom freastal ar an Oireachtas i mBéal Feirste, ócáid iontach inar léiríodh an chuid is fearr dár gcultúr. I mí an Mheithimh seo caite, bhí Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn i gContae na Mí. Ba rud speisialta é freastal ar an ócáid sin chun bualadh le daoine ó gach cearn den Ghaeltacht agus iad ag baint sult as na cluichí i dtimpeallacht nádúrtha teanga. Tá mé ag súil go mór le dul go Dún na nGall le haghaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta an samhradh seo. Níl gá le gníomh mór amháin chun an Ghaeilge a thabhairt beo don chéad ghlúin eile: teastaíonn éiceachóras teanga a fhorbairt agus a chothú chun é sin a dhéanamh. Sa chomhthéacs sin, ní mór dúinn seasamh siar agus breathnú ar an áit ina bhfuilimid anois i gcomparáid leis an áit ina raibh muid deich mbliana ó shin. Deich mbliana ó shín, ní raibh an próiseas pleanála teanga ach ina thús; ní raibh beagnach 80 duine breise ag obair go heisiach ar fhorbairt na teanga sa Ghaeltacht mar atá anois; ní raibh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ag feidhmiú mar chuid den phróiseas pleanála teanga; ní raibh Acht teanga nua againn agus spriocanna earcaíochta dúshlánacha san áireamh ann; ní raibh fógraí i nGaeilge le cloisteáil ná le feiceáil go fairsing ar an raidió, ar an teilifís agus sna meáin shóisialta agus na nuachtáin; ní raibh aon stáisiún teilifíse do dhaoine óga ann mar atá againn anois le Cúla4; ní raibh plean digiteach don Ghaeilge againn; agus ní raibh polasaí don oideachas Gaeltachta ann ná ceachtar den dá pholasaí nua a d’fhógair an Roinn Oideachais agus Óige ag deireadh 2025. Tuigim an frustrachas atá ann faoin pholasaí oideachais ach tá mé chun déileáil leis sin i gcomhpháirt leis an Roinn oideachais. Ina theannta sin, deich mbliana ó shin ní raibh stádas iomlán mar theanga oifigiúil oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach. Ní raibh Gréasán Gaeilge na Seirbhíse Poiblí ann ná infheistíocht cheart ag dul isteach i seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht, in Ealaín na Gaeltachta ná i seirbhísí óige sa Ghaeltacht. Ní raibh an plean náisiúnta ná plean gníomhaíochta um sheirbhísí poiblí Gaeilge againn ach an oiread. In 2026, beidh Údarás na Gaeltachta, le maoiniú mo Roinne, ag cur tús le dhá scéim nua - ceann amháin acu a neadóidh an phleanáil teanga isteach i gcliantchomhlachtaí na heagraíochta agus ceann eile a chuirfidh an phleanáil teanga chun cinn i measc lucht gnó na Gaeltachta. Maidir leis na healaíona Gaeilge, tá mo Roinn ag infheistiú i dtodhchaí láidir don Ghaeilge sna healaíona teangabhunaithe. Chuige sin, tá maoiniú €1.24 milliún ceadaithe agam don bhliain 2026 d’Ealaín na Gaeltachta do chlár forbartha ealaíon na heagraíochta sin sna ceantair Ghaeltachta. Tá comhaontú maoinithe €5 milliún curtha i bhfeidhm againn do Thaibhdhearc na Gaillimhe ó 2024 go 2027, agus dá bharr sin tá an Taibhdhearc ag feidhmiú anois le buiséad atá ag teacht lena stádas mar amharclann náisiúnta na Gaeilge agus cúig mhórléiriú drámaíochta ar an stáitse aici in aghaidh na bliana. Tá breis agus €4 milliún bronnta ag mo Roinn freisin ar Oireachtas na Gaeilge don tréimhse 2024 go 2027, agus muid ag dul ar ais go Ciarraí an fómhar seo chugainn. Tá féilte agus cláir ealaíon an Oireachtais ag cur ardáin thábhachtacha ar fáil d’ealaíontóirí agus do phobail ar fud na tíre. Beidh an fhéile náisiúnta drámaíochta ar siúl an mhí seo chugainn i gCathair na Mart. Beidh mé i láthair ag cuid den fhéile sin agus mé ag súil le toradh na hoibre sin a fheiceáil. Is cuid lárnach den éiceachóras teanga iad na gníomhaíochtaí éagsúla sin, a thacaíonn lenár n-iarrachtaí úsáid na teanga a fhorbairt agus atá ag teacht le múnla UNESCO ar a bhfuil an straitéis 20 bliain don Ghaeilge bunaithe. Tá soiléir agus cinnte, agus tuigim go bhfuil dúshláin ag an teanga ach táimid ag leagan síos struchtúir, polasaithe agus reachtaíocht anois a sheasfaidh don 20 bliain atá amach romhainn agus a imreoidh tionchar dearfach ar bhonn córasach agus straitéiseach ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na hÉireann le himeacht aimsire. Tá neart rudaí spreagúla le bheith ag súil leo. Beidh Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh ag Éirinn sna sé mhí dheireanacha den bhliain seo. Táim i mbun oibre ag an leibhéal is airde den Rialtas, i gcomhar leis an Aire Stáit Thomas Byrne, ag cinntiú go mbeidh ról lárnach agus croíúil ag an teanga san obair sin. Tar éis dom an t-ardú is mó riamh a fháil d’earnáil na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mbuiséad 2026 - gabhaim buíochas leis an Aire, an Teachta Chambers, as sin - beidh €160 milliún á infheistiú ag mo Roinn san earnáil i mbliana. Idir an infheistíocht seo, tionchar an phlean gníomhaíochta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a foilsíodh roinnt seachtainí ó shin agus tionchar na gcaighdeán teanga atá le tabhairt isteach i mbliana, táim muiníneach go gcuirfear borradh láidir faoi úsáid na teanga sa tréimhse atá amach romhainn. Tuigim an frustrachas atá ann faoi chúrsaí tithíochta. Beidh sé sin le plé i ndíospóireacht eile an oíche seo. Táimid ag obair mar Rialtas. Táim ag obair leis an Aire tithíochta faoin bhfadhb sin. Tá a lán dúshlán ann, ach tá deiseanna ann. Tá a lán rudaí maithe ag tarlú, agus tá an Rialtas seo dáiríre faoin nGaeilge. Sin an fáth a bhfuil Aire sinsearach ann. Sin an fáth a bhfuil an buiséad is mó againn agus níl ann ach tús. Ní raibh sé sin ach mo chéad bhuiséad mar Aire na Gaeltachta. Táim dáiríre le leanúint leis na buiséid eile agus leanúint leis an saghas infheistíochta sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-03/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-03-03