Tithíocht Gaeltachta: Tairiscint [Comhaltaí Príóbháideacha] Dail Éireann — 2026-03-03 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Murchú agus gach duine a labhair sa díospóireacht seo. Measaim go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfuil díospóireacht againn dírithe ar ábhar ar leith chuile bliain. Toghadh mise tamall maith ó shin in 2002. Bíonn ráitis i gceist uair sa bhliain. An fhadhb le ráitis nach bhfuil ceangailte le haon rud ná gur féidir le haon duine teacht isteach anseo agus béalghrá a chraobhscaoileadh ó thaobh na teanga. Measaim go raibh sé go maith anuraidh agus go bhfuil sé go maith i mbliana go bhfuil rún os comhair na Dála. Anuraidh, chuir an Rialtas i gcoinne an rúin a bhí againn maidir leis an oideachas trí Ghaeilge. I mbliana, níl sé ag cur i gcoinne an rúin seo agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Tá buíochas ag dul dóibh siúd ar fad a ghlac páirt sa díospóireacht, i mBéarla, i nGaeilge, nó i pé teanga a bhí siad ag déileáil leis. Tá sé tábhachtach go dtarlaíonn sé sin. Aithním nach bhfuil an leibhéal Gaeilge ag gach duine is atá agamsa. Is trua sin, ach sin mar atá. Sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh tobar na Gaeilge fós beo amach anseo. Tobar na Gaeilge is ea na ceantair Ghaeltachta, áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáththeanga laethúil an gnáthphobail. Má tá dainséar ann - agus tá sé ann - caithfimid a chinntiú go nglacfaimid céimeanna eisceachtúla ar leith chun an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus pobail sna ceantair Ghaeltachta a chosaint. Sin an fáth go bhfuil na céimeanna gur chóir a ghlacadh leagtha amach sa rún seo. Sa rún chomh maith, táimid ag leagan amach go bhfuil an Rialtas seo, agus Fianna Fáil agus Fine Gael thar an mblianta, le cáineadh, toisc an neamhaird ar dhein na páirtithe sin ar mholtaí ón gcoiste Gaeilge faoi mhaoiniú d’Údarás na Gaeltachta, faoin mhoill ar thoghcháin an údaráis agus cumhachtaí breise a thabhairt dó, agus faoin mhoill ar rialáil ar chíos gearrthéarmach agus ar Airbnb, atá ag déanamh scrios ar an méid áit atá ar fáil ar chíos sna ceantair Ghaeltachta. Tá siad ag fágáil oifigigh pleanála teanga ag déileáil le moill agus frustrachas toisc nach bhfuil infheistiú nó cur chuige ceart ann ó thaobh an Stát de i leith an obair ríthábhachtach sin atá ag teastáil ionas gur féidir linn cosaintí a dhéanamh. Ba cheart go mbeimid ag obair i gceart chun cuidiú le lánúin sna ceantair Ghaeltachta, agus leis an ghnáthphobal, teacht timpeall ar na constaicí atá rompu ó thaobh an Ghaeilge a bheith ina ghnáththeanga acu. Tá an Rialtas ag admháil agus é ag glacadh leis an rún seo go bhfuil sé tar éis dian-scrios a dhéanamh ar chearta teanga agus gan fiú sop in áit scuaibe maidir leis an tithíocht Gaeltachta. Má tá an Rialtas ag admháil go bhfuil sé freagrach as sin, níor chóir go mbeadh sé ag fanacht mar Rialtas, ach beidh sé ann. Ag glacadh leis an rún seo, caithfidh an Rialtas a chinntiú go bhfuil beart á dhéanamh de réir na briathra sa rún seo. Ba cheart dó tacaíocht a thabhairt do na moltaí atá sa rún. Gheall an Rialtas seo treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi Nollaig 2021, sa chéad ráithe de 2022, roimh dheireadh 2022, go luath in 2023, i lár 2023, faoi Cháisc 2024 agus i lár 2024. Fiú tar éis cumhacht na treoirlínte foilsithe a bheith scriosta as an dlí, tá siad fós á dhéanamh, mar a dhein an Taoiseach an tseachtain seo caite. Sin cé chomh seafóideach is atá an cur chuige faoi láthair. Bhí mé ag caint leis an Aire, an Teachta Calleary, níos luaithe agus tá súil agam go mbeidh sé sásta suí síos, cur chuige ceart a shocrú agus na deontais agus na cinntí breise a sholáthair ó thaobh an méid atá ráite ag an Aire Stáit, an Teachta O'Sullivan; sé sin, go mbeidh an t-údarás in ann déileáil le ceisteanna tithíochta, séarachais nó infreastruchtúir agus na cumhachtaí sin a roinnt leis na comhairlí contae más gá. Ba cheart go mbeadh cur chuige i bhfad Éireann níos tapúla i gceist ionas go mbeidh an plean náisiúnta ó thaobh pleanáil sna Gaeltachtaí foilsithe, ní ag deireadh 2027, ach i mbliana. Dúradh linn faoi na treoirlínte thar na blianta go raibh an obair ar fad déanta, agus nach raibh gá fanacht go dtí go raibh siad foilsithe. Má tá an obair déanta, ní chóir go mbeadh sé ró-dheacair an obair sin a bhogadh trasna go dtí an coincheap nua atá ann agus iad a bheith foilsithe. Tá an rud ceannann céanna i gceist ó thaobh Bille Údarás na Gaeltachta. Cad é an moill? Cén fáth a bhfuilimid ag fanacht air? Ba cheart dúinn díriú isteach ar na rudaí praiticiúla atá luaite agamsa agus ag na dreamanna a bhí lasmuigh inniu. Tá tacaíocht agus moladh ag dul do BÁNÚ, Tinteán, CATU, Todhchaí na Tuaithe agus dreamanna mar sin, agus do ghnáthphobail na Gaeltachtaí as an bhfoighne atá acu ar shlí amháin ach freisin as an bhfearg atá siad ag léiriú anois toisc nach bhfuil an obair ag tarlú. Molaim an rún seo. Tá súil agam nach bhfuil muid chun glacadh leis ach go leanfaidh an obair ar na ceisteanna atá ardaithe anseo ag gach uile duine a ghlac páirt sa díospóireacht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-03/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-03-03