Cistiúchán Roinne Dail Éireann — 2026-03-03 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh, cé go bhfuilim ag iarraidh go mbeidh níos mó ann. Táim ag lorg go mbeidh cur chuige an chiste chaipitil do spóirt á úsáid, go mbeidh an t-aitheantas sin ann amach ansin agus go mbeidh na comhairlí contae nó na heagrais ealaíon in ann dul chuig an Aire nó pé duine a bheidh san oifig chun airgead a lorg chun cuidiú leis an obair. Nílim ag caint faoin airgead iomlán. Bheadh ar na comhairlí agus na heagrais sin a gcuid oibre féin a dhéanamh. B'fhéidir go bhfaca an tAire sna páipéir an tseachtain seo an plean atá ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i leith Merchants Quay. Tá an chomhairle chun athmhaisiú nó athchóiriú a dhéanamh ar thrí fhoirgneamh. Beidh 20 spás ann d'ealaíontóirí. Ní tharlóidh sé sin ach amháin go bhfuil siad ag fáil €4 mhilliún ó dhuine gan ainm mar bhronntanas. Níl an t-airgead ag an gcomhairle chun é sin a dhéanamh í féin mar sin tá gá le tacaíochtaí ón Rialtas. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-03/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-03-03