Cistiúchán Roinne Dail Éireann — 2026-03-03 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Gabhaim buíochas leis an Teachta. Bhí cruinniú agam um thráthnóna leis na hoifigigh sa Roinn maidir leis an scéim de €3 mhilliún atá curtha ar fáil do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Space to create an t-ainm atá ar an scéim. Tá sé an-tábhachtach dom go mbeadh an t-airgead seo á chur ar fáil don chomhairle cathrach go luath agus go mbeidh an chomhairle ag teacht go dtí an Roinn le plean chun úsáid a bhaint as an méid airgid sin. Tá súil agam go mbeidh mé in ann teacht ar ais go dtí an Teach go luath chun cuntas a thabhairt ar an €3 mhilliún sin. Maidir leis an €6 mhilliún atá fógartha agam i mbuiséad 2026, tá súil agam go mbeidh mé in ann scéim cosúil leis an sports capital a tharraingt amach. Beidh mé ag caint go soiléir leis na comhairlí cathracha agus comhairlí contae agus freisin leis na húdaráis bheaga atá ag obair i gcúrsaí ealaíona timpeall na tíre. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-03/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-03-03