Cistiúchán Roinne Dail Éireann — 2026-03-03 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ní i mBaile Átha Cliath amháin atá an t-airgead seo ag teastáil. Tá sé go maith go bhfuil an €6 mhilliún sin ann don chuid eile don tír anuas ar an €3 mhilliún a luaigh an tAire ansin do Bhaile Átha Cliath. Mar a luaigh mé, níl ansin ach scéim amháin. Tá a lán scéimeanna eile ag an gcomhairle. San áireamh, tá an scéim le 500 méadar cearnach a tugadh do na healaíon thíos ag Calafort Átha Cliath; an campas ealaíne atá siad ag díriú isteach air ansin. Luaigh an tAire ceann eile an uair dheireanach. Bhí muid ag caint faoin Rupert Guinness Theatre agus an t-airgead a chosnóidh sé sin. Tá sé sin i mBaile Átha Cliath ach má théann tú go dtí Corcaigh tá suíomhanna ansin ar ghá a lán airgid a chaitheamh orthu chun go mbeadh siad i gceart do na healaíontóirí atá á húsáid agus caithfimid cuidiú leo. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag tabhairt tacaíocht iomlán don Aire ó thaobh an chuir chuige. Tá mé ag iarraidh air, más féidir in aon chor, i bhfad Éireann níos mó airgid a chur ar fáil do na healaíon agus na háiteanna seo timpeall na tíre ar fad. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-03/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-03-03