Cistiúchán Roinne Dail Éireann — 2026-03-03 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Gabhaim buíochas leis an Teachta as an méid tacaíochta a thug sé dom maidir leis an scéim phíolótach basic income for the arts. Tá sé an-tábhachtach dom go bhfuil sé seo críochnaithe go dtí seo agus go mbeidh muid in ann an scéim a chur i bhfeidhm arís i rith an tsamhraidh. Maidir leis an scéim nua eile atá i mbuiséad 2026 a labhair an Teachta faoi, beidh mé in ann, le cúnamh Dé, teacht ar ais go dtí an Teach go luath leis an scéim seo. Má tá deis ag an Teachta cabhair a thabhairt dom chun an scéim seo a bhaint amach leis na heagraíochtaí éagsúla, ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach timpeall na tíre freisin, b’fhéidir go bhféadfadh sé ríomhphoist a sheoladh chugam chun a chuid smaointí a phlé. Fáiltím roimhe sin mar cabhróidh sé leis an méid oibre atá le déanamh agam agus atá á déanamh agam faoi láthair. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-03/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:02+00:00 Sitting date: 2026-03-03