Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford An sprioc atá ag na leasuithe seo ná le cinntiú go mbeidh an bord iomlán ag Údarás na Gaeltachta tofa agus go mbeidh guth ag na ceantair Ghaeltachta níos lú atá scartha amach ó mhórchuid na Gaeltachta ina gcontaetha féin. Táim ag tagairt ar cheantair Ghaeltachta i gContae na Mí agus i gContae Phort Láirge mar shamplaí. Faoin mBille mar atá, bheadh seisear as 16 comhalta boird roghnaithe ag an Aire, agus ní thoghfaí ach deichniúr go daonlathach. Sa seanchóras ní raibh ach trí cheapachán ón Aire agus 17 tofa ón bpobal. Anois beidh dúbailt ar an líon ceaptha ag an Aire agus laghdú ar an líon tofa. I gcomparáid leis an údarás mar a bhí sular scriosadh na toghcháin, is cosúil go bhfuil power grab i dtreo an Aire ón bpobal le feiceáil. Bhí an t-údarás in ainm is a bheith mar ghuth daonlathach an phobail in áit ghuth an Aire sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire nach mbeadh saineolas ar an mbord dá dtoghfaí an bord go hiomlán, ach tá an Dáil seo tofa go hiomlán agus is féidir linn saineolas a fháil chun cabhrú linn. Tá sé mar an gcéanna le comhairlí contae nó comhairlí cathrach. Ní ghlacfadh an Dáil le haon trian de na Teachtaí Dála a bheith roghnaithe ag an Aire. Ní ghlacfaimis leis dá mbeadh aon trian de chomhairle contae nó cathrach tofa nó ainmnithe ag Aire. Ní aon leithscéal é an gá le saineolas ar féidir a choimisiúnú i bhfeidhmeannas an údaráis. Bhí modh níos cuimsithí ag Sinn Féin i gcomhair bord níos mó le guth níos láidre agus níos ionadaíche don phobal na Gaeltachta, leasú Uimh. 4, bunaithe ar pholasaithe cuimsitheacha Shinn Féin ag lorg dínit, dea-chleachtas agus daonlathas don Ghaeltacht, ach dúradh go mbeadh costas i gceist toisc níos mó comhaltaí boird a bheith ann. Mar sin rialaíodh as ord é. Ní Sinn Féin amháin a lorg bord iomlán tofa agus ionadaíocht do na ceantair bheaga. Ba iad sin moltaí traspháirtí an choiste Gaeilge sa Dáil dheireanach. Dúirt moladh 1: Molann an Comhchoiste go ndéanfaidh an tAire athbhreithniú ar líon na mball ar Bhord Údarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ag gach ceantar Gaeltachta ar leith, na ceantair beaga cosúil le Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí agus na hoileáin Ghaeltachta ina measc. Molann an Comhchoiste é seo lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ar Bhord Údarás na Gaeltachta ó gach pobal Gaeltachta, rud atá an-tábhacht ag baint leis i meon na bpobal sin. Ba mholadh 2 ón gcomhchoiste ná: ... go gcuirfear an tAire córas i bhfeidhm trína dtoghfar baill uile Bhord Údarás na Gaeltachta, seachas córas ina dtoghfar roinnt ball agus ina n-ainmnítear roinnt ball eile Mar sin, tá comhréiteach molta sna leasuithe seo ionas go mbeidh an 16 go léir tofa ag pobail Ghaeltachta le breis suíochán i nGaillimh, i dTír Chonaill, i Maigh Eo agus i gCiarraí. Chinnteodh na leasuithe ionadaíocht ar leith d’Uíbh Ráthach, Acaill agus na hoileáin. Níl costas breise ag baint leis an gcur chuige seo. De bharr na bhfáthanna sin atá léirithe agam, táim ag brú leasuithe Uimh. 3, 5 agus 22. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27