Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Is rud é seo a bhfuilimid ag plé le fada an lá. Táimid soiléir go gcaithfidh an bord iomlán a bheith tofa agus go gcaithfear ionadaíocht ó gach ceantar Gaeltachta a bheith ann. Tá sé sin fíorthábhachtach. Tá muintir na Gaeltachta ag fanacht le fada an lá i gcomhair bord tofa agus teacht ar ais na dtoghchán. Ar ndóigh, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh sé seo déanta agus go mbeadh an bord iomlán tofa. Is é sin an fáth go bhfuil na leasuithe seo á gcur chun tosaigh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27