Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Tá scileanna áirithe riachtanach ar bhoird Stáit agus, go deimhin, ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tugann meascán do bhaill thofa agus baill cheaptha deis chun a chinntiú go bhfuil meascán áirithe de scileanna, taithí, saineolas agus ionadaíocht ag an mbord. An uair dheireanach a reáchtáladh comórtas le haghaidh bhord an údaráis, bhí scileanna áirithe san áireamh nach mór d'iarrthóirí taithí a léiriú iontu. Is iad na scileanna a bhí san áireamh ná cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta; forbairt pobail nó cur chun cinn na n-ealaíon; agus rialachas corparáideach. Bhí cáilíochtaí i réimsí atá bainteach le boird Stáit - mar shampla, cáilíochtaí i mbainistíocht gnó, bainistíocht airgeadais nó cuntasaíocht, pleanáil teanga nó forbairt pobail - san áireamh chomh maith mar rudaí inmhianaithe. Níl bealach ann inar féidir na scileanna sin a chinntiú gan comhaltaí a bheith ceaptha ag cibé cén tAire a bheidh ann. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27