Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Seasann an argóint a dhein mé níos luaithe. Má táimid ag caint mar gheall ar dhaonlathas agus guth na bpobal a bheith cloiste, ba cheart go mbeadh vótáil i gceist chun baill den bhord a roghnú in ionad iad a bheith ainmnithe. Laistigh dár leasuithe, Uimh. 3, 5 agus 22, bheadh ionadaithe cinnte i go leor de na Gaeltachtaí atá róbheag le guth a fháil agus iad caite isteach le ceantair mhór thíre. Níl ach idir 2% agus 4% den daonra Gaeltachta i nGaillimh, Dún na nGall agus Corcaigh lonnaithe ar na hoileáin. Ag an am céanna, tá daonra na n-oileán Gaeltachta níos mó ná daonra na nGaeltachtaí i bPort Láirge agus sa Mhí agus beidh suíocháin ag an dá cheantar sin. Táimid ag iarraidh bunleibhéal a thabhairt do gach ceantar Gaeltachta, ní hamháin sna toghcháin, ionas go mbeidh aitheantas ann. Faoinár leasuithe, bheadh ionadaithe cinnte i nGaeltacht Uíbh Ráthach i gCiarraí agus i nGaeltacht Acla i Maigh Eo, mar a bhí pléite agus molta ag an gcoiste. Faoin mBille mar atá sé, ní bheidh dóthain daonra ag na ceantair seo difear a dhéanamh i dtoghcháin atá dírithe ar Ghaeltachtaí Chiarraí thiar agus tuaisceart Mhaigh Eo. Ag an am céanna, tá daonra ag Uíbh Ráthach agus Acaill atá cosúil le daonra Ghaeltachtaí Phort Láirge agus na Mí. Baineann sé sin le cothrom na Féinne a bheith ag na ceantair éagsúla. Nuair atáimid ag caint mar gheall ar chúrsaí Gaeltachta, cultúrtha agus ionadaíochta, táimid ag caint mar gheall ar phobail cois cósta ach go háirithe. Is pobail imeallacha iad a bhfuil cultúr agus aitheantas éagsúil acu fiú laistigh de cheantar Gaeltachta an chontae. Caithfimid glacadh leis sin agus caithfimid an méid sin a thuiscint. Bheadh an Ghaillimh roinnte go tíreolaíoch freisin. Bheadh ceithre shuíochán ag Conamara agus suíochán amháin ag an Eachréidh agus bruach thoir na Gaillimhe. Leis seo, aithnítear go bhfuil gá le scoilt ionas nach mbeadh an iomarca cumhachta ag vótaí na cathrach i gcóras atá in ainm chun guth a thabhairt don phobal teanga atá lonnaithe i gConamara ach tugtar deis don cheantar Gaeltachta soir ó abhainn na Gaillimhe plé a dhéanamh ar cad a theastaíonn uathu freisin. Tá na trí leasuithe an-tábhachtach. Impím ar an Aire glacadh leo mar tá sé seo ag eascairt ón gcomhchoiste agus ón éileamh pobail atá ann sna ceantair Ghaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27