Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Má tá an tAire dáiríre faoi bhord daonlathach agus guth a chinntiú san údarás do phobail Ghaeltachta atá níos lú nó atá lonnaithe ar na hoileáin, ba chóir dó glacadh leis na leasuithe seo. Má tá sé ag diúltú do na leasuithe seo, ní mór dó a mhíniú cén fáth go bhfuil sé níos tábhachtaí go mbeidh seisear ionadaithe aige féin ar an mbord in áit ionadaithe atá roghnaithe ag Gaeltacht na bpobal oileánda nó Gaeltacht Uíbh Ráthach. Mar a dúradh níos luaithe, is dúbailt atá ann ó mar a bhí, ó thriúr go seisear. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27