Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tuigeann sí an fhreagracht atá ar bhoird Stáit. Tuigeann sí freisin go dtarlaíonn timpistí nuair atá an fhreagracht sin lag. Tá sé tábhachtach go bhfuil an tíreolaíocht tugtha san áireamh, gan dabht, ach tá sé tábhachtach freisin go bhfuil an meascán seo ann agus go mbeidh na scileanna ar leag mé amach ann. Ba iad: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta; cruthú fostaíochta; forbairt pobail; cur chun cinn na n-ealaíon; agus rialachas corparáideach. Tá seans ann nach mbeidh daoine le toghadh ina gcónaí sna ceantair a bhfuil na scileanna sin acu. Beidh ar cibé cén tAire a bheidh ann seans a thabhairt do dhaoine. Is bord Stáit é sin. Tá an tíreolaíocht agus na toghcháin tábhachtach ach tá an meascán idir baill thofa agus baill cheaptha tábhachtach freisin. Leis na ceapacháin sin, beidh an tAire in ann a chinntiú go bhfuil na scileanna atá riachtanach do bhord Stáit timpeall an bhoird. Leis an meascán idir baill thofa agus baill cheaptha, beidh deis ag cibé cén Aire a bheidh ann na scileanna sin a chur i seirbhís Údarás na Gaeltachta. Is é sin an rud is tábhachtaí. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27