Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tá ardmheas agam ar an Aire, mar is eol dó, ach ní féidir liom glacadh leis an argóint sin i dtaobh na gceapachán. Más eisean atá mar Aire nó duine a thagann ina dhiaidh mar Aire, conas a mbeadh a fhios againn go mbeadh na scileanna agus na tuiscintí cuí ag an Aire úd sin na daoine cearta a cheapadh? Conas a mbeadh a fhios againn? An freagra ná go bhfuil an tAire freagrach don Teach seo. Conas a mbeadh a fhios againn go mbeadh na scileanna cuí ag na Teachtaí Dála istigh sa Teach? Níl a fhios againn. Má tá cáilíochtaí á leagan síos in ionad toghcháin, táthar ag cur isteach ar an bpróiseas daonlathach. Tá deis ag pobal na hÉireann agus ag gach saoránach sa Stáit seo a vóta a chaitheamh pé slí gur mhian leis nó léi gan treoir ón Aire nó ón Rialtas. Ba cheart go mbeadh an deis chéanna ag saoránaigh atá ina gcónaí sa Ghaeltacht na daoine atá ag déanamh ionadaíocht orthu a cheapadh gan an tAire a bheith ag ainmniú daoine. Is dócha go bhfuil príomhoifigeach cúnta in Údarás na Gaeltachta - an príomhfheidhmeannach, táim cinnte. Tá sé mar an gcéanna le haon údarás Stát eile. Is féidir le haon údarás Stát – agus déanann siad an-chuid de – comhairleoirí a fháil isteach chun tacú le saineolas. Déanann gach Roinn agus nach mór gach comhlacht agus eagras Stát é sin go rialta. Is féidir é sin a dhéanamh. Mar sin, ní ghlacaim leis an argóint go bhfuil sé seo faoin Aire a bheith in ann cinnte a dhéanamh de go bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí cuí ag na baill boird. Sílim go bhfuil sé faoi chumhacht a choimeád ar an údarás in ionad daonlathas a thabhairt do na pobail Ghaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27