Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tairgim leasú Uimh. 7: Ar leathanach 11, líne 19 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad: “(2AA) Ceapfaidh comhaltaí an Údaráis cathaoirleach agus leas-chathaoirleach óna measc féin uair sa bhliain, ag déanamh malartú chun a chinntiú nach mbeidh níos mó ná tréimhse amháin mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach le linn téarma amháin ag duine nó daoine a dhéanann ionadaíocht thar ceann an chontae chéanna, agus ag cinntiú gur as contaetha éagsúla iad an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach.”,”. Ag Céim an Choiste, dúirt an tAire, an Teachta Calleary, "Tá sé tábhachtach go mbeadh an cathaoirleach agus an t-údarás neamhspleách agus go mbeadh an neamhspleáchas sin ann" agus "Tá sé tábhachtach go mbeadh an t-údarás neamhspleách ón Rialtas agus go mbeadh sé in ann teacht amach le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht." Dhiúltaigh an tAire glacadh le cathaoirleach a bheith tofa ag comhaltaí an údaráis féin, áfach. Ba mholadh 7 a tháinig ó ghrinnscrúdú réamhreachtach an chomhchoiste Gaeilge ná "molann an Comhchoiste gur faoi Bhord Údarás na Gaeltachta a bheidh sé an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach a thoghadh." Is moladh ó chomhchoiste tras-pháirtí é sin. Cén fáth go bhfuil an tAire anois ag iarraidh go mbeidh cathaoirleach roghnaithe ag an Aire féin faoin mBille seo? Conas is féidir le cathaoirleach atá buíoch den Aire nó d'aon Aire sa todhchaí as a ról a bheith iomlán neamhspleách ón Aire sin? Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh cathaoirleach agus leas-chathaoirleach tofa ag an mbord féin, go mbeadh srianta ann ionas nach mbeadh an bheirt as an gcontae amháin, go mbeadh malartú gach bliain, mar atá déanta ag cathaoirligh in údaráis áitiúla, agus go gcinnteofaí nach i gcontae amháin a bheadh an ról ó bhliain amháin go bliain eile. Le linn an phlé ag Céim an Choiste cúpla mí ó shin, dúirt an tAire freisin go mbeadh sé sásta breathnú ar cháilíochtaí riachtanacha don chathaoirleach a leagan amach ag an gcéad chéim eile. Cá bhfuil na cáilíochtaí sin leagtha síos? Ag an am céanna, dúirt sé go mbeidh sé sásta plé a dhéanamh ar roinnt de na leasuithe a bhí curtha chun cinn againn ar an taobh seo den Teach ag Céim an Choiste, machnamh a dhéanamh orthu agus b'fhéidir cuid dóibh a chur san áireamh. Cá bhfuil siad? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27