Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Ar dtús, ní bhíonn leas-chathaoirleach i gceist le boird rialachais nó comhlachtaí Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta. Tá foráil san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, a dhéileálann le hasláithreacht an chathaoirligh, ina bhfuil sé ráite: mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Údaráis i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Tá an socrú seo fós i bhfeidhm. Ní léir go bhfuil gá an cur chuige seo a leasú. Ní bheidh sé ag teacht le dea-chleachtas go mbeadh an bord ag ainmniú cathaoirleach óna bhallraíocht féin. Tá sé i gceist go mbeidh cumhacht ag an Aire an cathaoirleach a ainmniú. Tá scileanna ar leith ag teastáil ón gcathaoirleach a bhíonn á lorg tríd an bpróiseas earcaíochta a reáchtálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé sin tábhachtach. Beidh comórtas eagraithe ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ní mór go léireoidh iarrthóirí ar ról an chathaoirligh fianaise ar thaithí cheannaireachta ag leibhéal sách sinsearach, lena n-airítear cumas cathaoirleacht a dhéanamh ar bhord, agus taithí chuí i réimse amháin, ar a laghad, de na réimsí seo a leanas: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga, forbairt fiontraíochta, cruthú fostaíochta, forbairt phobail, cur chun na n-ealaíon, agus rialachas corparáideach. Freisin, beidh sé ar chumas an cathaoirligh ról lárnach a chomhlíonadh i dtaca le stiúradh, ceannaireacht agus rialachas corparáideach na heagraíochta agus caidreamh dearfach a chothú le príomhfheidhmeannach na heagraíochta chun dea-rialtas a éascú. Tá traidisiún de chathaoirligh neamhspleácha den údarás. Tá sé maslach a rá go mbeidh aon chathaoirleach a cheapfaidh an Aire ar son an Rialtais. Ní hé sin an traidisiún san údarás ná ina lán comhlachtaí Stáit eile. Mar a dúirt mé, beidh na hainmneacha ag teacht ó chomórtas PAS. Beidh a lán daoine a bhfuil an taithí agus scileanna atá leagtha amach in ann cur isteach ar an gcomórtas sin tríd an PAS. Phléigh mé na tuairimí ón díospóireacht a bhí againn an oíche dheireanach. Tagann sé ar ais go dtí an pointe céanna. Tá an t-údarás difriúil. Is bord Stáit é. Mar gheall gur bord Stáit é, tá freagrachtaí air. Mar a dúirt mé sa díospóireacht dheireanach a bhí againn, tá freagrachtaí ag bord an údaráis nach bhfuil againn mar Theachtaí Dála. Tá freagrachtaí dlíthiúla agus comhlachta ag an mbord nach bhfuil againn. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir an tOireachtas agus an t-údarás. Mar sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27