Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tá muinín againn inár bpobail Ghaeltachta nó níl. Tá muinín againn sna daoine a dtoghfar nó níl an mhuinín sin againn. Caithfidh an Rialtas muinín a léiriú. Má táimid dáiríre mar gheall ar thoghcháin don údarás a thabhairt ar ais, caithfimid a thuiscint go bhfuil saoirse ag an Aire agus ag an Rialtas an rud ceart a dhéanamh. In ionad a rá arís agus arís eile gur bord Stáit é seo, go gcaithfidh na rialacha a bheith daingean agus go gcaithfimid cúlú ón daonlathas chomh fada agus is féidir, bíodh fís ag an Aire. Conas is féidir linn déileáil leis an údarás seo? Tá an-chuid eagrais Stáit ann. Tá struchtúir éagsúla ag an-chuid dóibh. Is comhlachtaí iad cuid dóibh agus is forais tras-Teorainn, institiúidí nó Ranna Stáit iad cinn eile. Tá slite timpeall ar rudaí. Táimid ag iarraidh rud éigin a chruthú anseo leis an mBille agus lenár leasuithe atá éagsúil chun dul i ngleic leis na ceantair éagsúla seo, na ceantair Ghaeltachta, atá ag iarraidh daonlathas a bheith acu arís. Is údarás é seo. Tá údarás ag baint le hÚdarás na Gaeltachta. Tá gá le fís dhifriúil ón Aire agus ón Rialtas mar gheall air seo. Tá díomá orm é a chloisteáil arís agus arís eile go gcaithfear leath-thoghcháin a bheith ann, go gcaithfidh an Rialtas daoine agus an gcathaoirleach a ainmniú agus nach bhfuil sé chun a dhéanamh cinnte go bhfuil cothrom na Féinne ag na ceantair bheaga, na ceantair imeallacha agus na ceantair éagsúla ó thaobh na hionadaíochta de. Tá díomá orm nach bhfuil an Rialtas sásta glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27