Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá muinín agam i bpobal na Gaeltachta freisin. Tá muinín agam go mbeidh daoine in ann cur isteach ar an gcomórtas PAS. Tá muinín agam freisin go bhfuil tuiscint ann gur údarás é Údarás na Gaeltachta, rud atá tábhachtach, ach gur bord Stáit é freisin. Tá sé sin tábhachtach. Mar gheall gur bord Stáit é, tá sé tábhachtach go mbeidh meascán de bhaill thofa agus baill cheaptha ann. Ní bheidh na ceapacháin ag teacht ó phóca an Aire ach ó chomórtas PAS. Is daoine leis na scileanna a cheapfar. Beidh a lán daoine ón nGaeltachta agus ó phobal na Gaeilge a bhfuil na scileanna sin acu in ann dul os comhair PAS chun agallamh a dhéanamh agus dul tríd an bpróiseas chun seirbhís a dhéanamh ar bhord an údaráis. Tá muinín mhór agam go mbeidh muintir agus pobal na Gaeltachta in ann é sin a dhéanamh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27