Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tairgim leasú Uimh. 9: Ar leathanach 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh líne 34: “(2G) Ní bheidh sé nó sí intofa más comhalta den Dáil, den Seanad, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil é nó í. I gcás go dtoghfar an duine chun na Dála, chun an tSeanaid, chun Parlaimint na hEorpa nó chun údaráis áitiúil fad is atá sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, déanfaidh an tAire an liosta cúltaca atá luaite i bhfo-alt (2F) a úsáid chun comhalta nua a roghnú le teacht i gcomharbacht air nó uirthi tráth nach déanaí ná seachtain tar éis a thofa nó a tofa chun an eagrais eile.”.” Mhol Sinn Féin an leasú seo ar Chéim an Choiste go mbeadh cosc ar dhuine a bheith mar chomhairleoir contae agus comhalta ar bhord an údaráis ag an am céanna toisc go bhfuil Sinn Féin i gcoinne double-jobbing agus ag iarraidh go mbeadh comhaltaí tofa an údaráis dírithe go hiomlán ar a bheith ag freastal ar riachtanais na Gaeltachta. Léirigh an tAire nach raibh sé sásta glacadh leis cé gur aithin sé cé chomh gnóthach is atá obair an chomhairleora cheana féin agus gur theastaigh acmhainní breise uathu chun a gcuid oibre ar an údarás áitiúil a dhéanamh, gan trácht ar obair sa bhreis a dhéanamh san údarás seo. Táimid fós den tuairim go dteastaíonn idirdhealú idir an dá ról. Bhí moladh traspháirtí ón choiste Gaeltachta sa ghrinnscrúdú réamhreachtaíochta "nach mbeidh cead ag aon ... [duine] a bheith ina mbaill de Bhord Údarás na Gaeltachta, más Comhalta de Thithe an Oireachtais, de Pharlaimint an Aontais Eorpaigh, de Thionól Thuaisceart Éireann nó d’aon údarás áitiúil ar oileán na hÉireann iad ag an am". Bhí an tAire sásta glacadh leis an moladh sin maidir le Tithe an Oireachtais agus Parlaimint na hEorpa ach is cosúil nach bhfuil sé ag glacadh leis an moladh i dtaobh daoine a bheith ina mbaill d’údaráis áitiúla agus d’Údarás na Gaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27