Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor Sheehan (LAB), Limerick City Tá mé an-sásta tacaíocht a thabhairt don leasú seo mar gheall ar an méid a bhí le rá ag an Aire faoin údarás mar bhord Stát agus mar gheall ar an gcomórtas PAS. Bhí a fhios agam cheana féin go raibh daoine ann a bhí agus atá mar Bhaill den Dáil agus go raibh orthu éirí as bord Stát roimh dóibh a bheith tofa mar Theachta Dála nó mar Sheanadóir. Aontaím go mór leis an leasú seo mar gheall ar na rudaí céanna a bhí á rá ag mo chomhghleacaí, an Teachta McGuinness. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27