Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Mar is eol dóibh, níl an foráil seo ag teastáil mar tá sé clúdaithe sa phríomh-Acht cheana féin ó thaobh Comhaltaí don Dáil, don Seanad agus baill foirne na hEorpa. Maidir le comhaltaí d’Údarás na Gaeltachta, i gcás go n-ainmneofar é nó í mar Chomhalta de Seanad Éireann nó go dtoghfar é nó í mar Chomhalta de cheachtar Theacht an Oireachtais, nó chun a bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa, stadfaidh sé nó sí de bheith ina chomhalta don údarás. Maidir le comhaltaí na húdaráis áitiúla, sílim gur cheart go mbeadh baill na gcomhairlí contae san áireamh le haghaidh ballraíocht ar bhord an údaráis. Tá siad san áireamh ar an mbord reatha mar atá, agus bhí roimhe seo. Chomh maith leis sin, sílim nach mbeidh sé indéanta comhalta nua a bheith roghnaithe laistigh de sheachtain. Ní dóigh liom go mbeidh dóthain ama i gceist ansin chun comhalta nua atá incháilithe a roghnú. Teastaíonn solúbthacht áirithe le haghaidh rudaí mar sin. Agus é sin san áireamh, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27