Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tairgim leasú Uimh. 10: [ Ar leathanach ]13, idir líne 3 agus líne 4, an méid seo a leanas a chur isteach: “ “(7A) Féadfaidh an tÚdarás leas i maoin agus réadmhaoin a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, nó áiseanna sóisialta nó cultúir a chur ar fáil ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.”. Baineann na leasuithe seo leis an ábhar is práinní sa Ghaeltacht, is é sin, cúrsaí tithíochta, agus muid ag triail ról a chruthú don údarás i dtreo réiteach na faidhbe. Tréaslaím le BÁNÚ, Tinteán, agus Conradh na Gaeilge as labhairt linn anseo sa Dáil agus agóid a eagrú lasmuigh de Theach Laighean cúpla mí ó shin ar an ábhar seo. Ar an lá céanna leis an agóid tithíochta don Ghaeltacht taobh amuigh, d’aontaigh Teachtaí Dála d’aon ghuth le rún ó Shinn Féin ag moladh maoiniú d’Údarás na Gaeltachta a ardú go suntasach, mar atá leagtha amach i gcáinaisnéis mhalartach Shinn Féin do 2026, agus na cumhachtaí riachtanacha a chur ar fáil dó chomh maith le toghcháin dhaonlathacha athuair chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta soláthar cuí ar thithíocht áitiúil a mhúnlú. Ba é sin toil na Dála seo. Bunaithe ar an gcur chuige sin, tá na leasuithe Uimh. 10, 14, agus 15 in ainm Shinn Féin, agus tacaímid leis na leasuithe eile atá molta ag na Daonlathaithe Shóisialta ar an ábhar céanna. Dúirt an tAire ar Chéim an Choiste faoi na leasuithe a bhí againn ansin, "Níl mé in ann glacadh leis na leasuithe ag an bpointe seo, ach tá mé ag rá go bhfuil muid chun leasuithe a dhéanamh ar an gcéad Chéim eile, Céim na Tuarascála.” Ach ní fheictear na leasuithe sin anois. Níl siad leagtha síos. Níl dul chun cinn déanta agus níl freagra na ceiste faighte againn ó shin. Go sonrach, baineann leasú Uimh. 10 le moladh ó Chonradh na Gaeilge. I bhfocal Conradh na Gaeilge féin, tá éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht agus caithfear feidhmiú go práinneach le dul i ngleic leis. Mura gcuirtear le feidhmeanna an údaráis sa Bhille seo anois le tithíocht a chur san áireamh, tá gach seans nach mbeidh deis eile ann roimh dheireadh thréimhse an Rialtais reatha agus cuirfidh sé seo moill mhór ar chumas an údaráis feidhmiú i gceart ar an ábhar seo. Dúirt an tAire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, a bhí mar Aire Stáit na Gaeltachta ag an am, cúpla uair gur mhaith leis go mbeadh breis feidhmeanna ag an údarás. Seo í an deis mar sin na feidhmeanna tithíochta sin a thabhairt don údarás. Tá 13 comharchumann Gaeltachta agus 12 coiste pleanála teanga ag aontú le polasaí tithíochta atá curtha le chéile ag an gconradh atá ag lorg breis feidhmeanna tithíochta don údarás. Chomh maith leo siúd, tá grúpaí pobal eile ag aontú go bhfuil gá feidhmeanna breise tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, le BÁNÚ, an mheitheal náisiúnta pleanála teanga agus grúpaí eile san áireamh. De réir ceannteidil an Bhille, tá an Bille ag plé le cúpla rud eile nach mbaineann go díreach le toghchán Údarás na Gaeltachta. Cén fáth nach mbeadh feidhmeanna tithíochta don údarás san áireamh sa phlé ar an mBille seo mar sin? Bheadh sé seo i bhfad níos ábhartha don Bhille ná an dá leasú atá curtha san áireamh sa Bhille le déanaí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta. Feictear domsa go bhfuil easpa agus ganntanas sa Bhille seo agus níl an tAire ná an Rialtas seo ag tapú an deis leis an reachtaíocht seo na cumhachtaí sa bhreis a thabhairt don údarás chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta Gaeltachta atá ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27