Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Mar is eol don Aire, is í ceist na tithíochta ceann do na príomhcheisteanna atá sa Ghaeltacht. Is é tithíocht Gaeltachta ceann de na rudaí is mó ar a bhfuil feachtasaíocht á déanamh sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá mé ag caint ar leithéidí BÁNÚ, Tinteán agus daoine eile, ar ndóigh, atá ag cur leis an bhfeachtas sin. Tá sé soiléir nach bhfuil daoine in ann teach a thógáil, a cheannach nó a fháil ar cíos sa nGaeltacht agus is é sin an bhunfhadhb atá anseo. Ón méid atáimid ag plé anseo agus ansin tá na leasuithe ann, an é go bhfuil an tAire ag rá go bhfuil cumhachtaí breise agus reachtaíocht bhreise ag teastáil ón údarás le talamh a dhíol go AHB nó le húdarás tithíochta? Más rud é go dtugtar an chumhacht sin do chomhairle chontae nó do AHB, ar an gcéad dul síos an bhfuil a fhios againn go díreach go mbeidh sé sin i gcomhair tithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne nó tithíocht ar phraghas réasúnta ionas go mbeadh daoine in ann iad a cheannach? Cén cinnteacht a bheadh ann i dtéarmaí cúrsaí teanga? Céard a chiallódh sé do dhaoine le Gaeilge agus do dhaoine gan Ghaeilge? Céard go díreach a bheadh ann? Cén smacht a bheadh ag an údarás ar an scéal le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach dhó sin? Ón méid a thuigim, dúirt an tAire go mbeadh sé ag neartú an leasú faoin tithíocht ach ón méid atá feicthe againn, níl sé sin go hiomlán soiléir. Is iad sin na chéad ceisteanna atá agam. Tiocfaidh mé ar ais le níos mó. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27