Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor Sheehan (LAB), Limerick City Ar dtús báire, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Teachta Kyne as ucht bheith tofa arís ina Teachta Dála. Ba mhaith liom chomh maith mo chuid tacaíochta a thabhairt don leasú seo. Aontaím leis an méid a bhí le rá ag na Teachtaí Conor McGuinness, Hearne agus Kyne. Tá an saineolas agus an eolas ag an t-údarás chun é seo a dhéanamh go héifeachtach. Caithfidh an Rialtas ról reachtúil lárnach a thabhairt don údarás maidir le tógáil tithe sa Ghaeltacht. Caithfidh an t-údarás a bheith in ann maoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht. D’fhéadfadh sé talamh a cheannach ar mhaithe le tithíocht a sholáthar. Tá sé riachtanach go mbeidh cead agus cumhacht ag Údarás na Gaeltachta maoin nó talamh a cheannach chun pobail Ghaeltachta a chothú agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a dhéanamh sna ceantair sin. Roimh dom teacht isteach anseo anocht, bhí mé ag dul trí shuirbhé tithíochta Údarás na Gaeltachta. Léiríonn an suirbhé sin go bhfuil géarchéim thar a bheith dian ann do chainteoirí Gaeilge agus do dhaoine óga ar mian leo fanacht sa Ghaeltacht, go háirithe daoine óga. Nuair a bhí mé ag dul tríd an suirbhé, chonaic mé go bhfuil 56% dóibh siúd atá faoi láthair ag lorg tithíocht sa Ghaeltacht faoi 44 bliain d’aois. Tá sé cosúil le seanfhocal anois ach mar a deirtear, Gaeltacht gan tithíocht is ea Gaeltacht gan todhchaí. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire chun an rud céanna a rá - nach bhfuil seisean amháin freagrach as cúrsaí tithíochta; is é an tAire tithíochta atá freagrach as - ach ba chóir go mbeadh Aire na Gaeltachta freagrach maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh Údarás na Gaeltachta freagrach astu chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27