Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Cuirim fáilte ar ais go dtí an Teach roimh an Teachta Kyne. Déanaim comhghairdeas leis as a bheith tofa arís chuig an Seomra seo den Oireachtas. Nílim in ann glacadh leis na leasuithe. Leagann siad amach go bhfuil cumhacht agus taithí ag an údarás i leith cúrsaí tithíochta. Níl aon taithí ag an údarás ar chúrsaí tithíochta ag an bpointe seo. Níl scileanna aige chun déileáil le cúrsaí tithíochta. Tá ráite go bhfuil sites agus tograí ann go mbeadh sé in ann íoc astu. B'fhéidir go bhfuil róil eile i gceist do na sites sin, mar shampla, róil a bhaineann le fiontar ná fostaíocht. Tá rud eile sna leasuithe nach bhfuilim in ann glacadh leis. Tá na húdaráis áitiúla i gceannas ar chúrsaí pleanála. Tá sé tábhachtach go bhfuil mar tá cúrsaí pleanála bunaithe ar phleananna forbartha contae agus cathrach. Tá na cumhachtaí sin agus cumhachtaí pleanála ag na húdaráis áitiúla. Níl cumhachtaí pleanála ag an údarás ag an bpointe seo. Agus é sin ráite, mar Aire, tá ceist na tithíochta sa Ghaeltacht an-tábhachtach dom. Bhí roinnt cruinnithe agam leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta James Browne, chun é seo a phlé. Táimid ag obair ar ráiteas pleanála le haghaidh na Gaeltachta. Táimid ag obair ar na ceisteanna atá leagtha amach ag an Teachta Farrell agus muid ag iarraidh déileáil leo. Níl sé éasca teacht ar na freagraí. Táim oscailte do thuairimí nó proposals ó na Teachtaí as na Gaeltachtaí atá anseo faoi na ceisteanna sin. Chuir an Teachta Farrell cúpla ceist faoi na roghanna go gcaithfimid a dhéanamh maidir leis an nGaeilge, caighdeáin Ghaeilge agus rudaí mar sin. Má tá aon tuairimí aici, táim sásta comhrá agus díospóireacht a bheith agam léi fúthu sula bhfoilsímid an ráiteas pleanála. Labhair an Teachta Sheehan faoin suirbhé a rinne an t-údarás. Tá sé seo tábhachtach freisin. Tá ról ag an údarás. Glacaim leis go bhfuil ról tábhachtach ag an údarás ina leith seo. Bhí a lán cruinnithe agam leis an bpríomhfheidhmeannach faoin ról sin agus faoi na scileanna atá chun a bheith úsáidte. De bharr ceann de na cruinnithe sin, cuireadh an post le chéile. Tá post san údarás anois maidir le cúrsaí tithíochta, go háirithe tithe folmha. Tá an t-údarás ag déanamh an tsuirbhé sin mar gheall ar an bpost sin. Tá cúpla scéim ann. Táim sásta obair le haon Teachta chun scéim phíolótach a dhéanamh. Bhí scéim ann i nGaeltacht Chiarraí. Bhí tithíocht tógtha ag an gcomharchumann, le tacaíocht airgeadais, chun árasáin a chur ar fáil do na coláistí samhraidh. Ba scéim shuimiúil é sin. Thug sé cúpla idea dom. Níl sé ceart a rá go bhfuil freagracht ag an údarás amháin as na dúshláin tithíochta. Níl sé féaráilte don údarás ná do na daoine atá ag lorg tithíochta sa Ghaeltacht. Tá an freagra sna húdaráis áitiúla, sa ráiteas pleanála don Ghaeltacht a bheidh á fhoilsiú againn agus b'fhéidir sna comharchumainn trí AHBs a chur le chéile. Tá an ceart ag an Teachta Hearne. Tá talamh ag an údarás nach mbeidh sé in ann a úsáid le haghaidh cúrsaí fiontair agus tionscail. Táimid ag scrúdú an talaimh sin chun a fháil amach an bhfuil séarachas agus uisce ann. Is dúshlán dúinn é sin. Tá an ceart ag an Teachta Kyne. Tá obair le déanamh againn le hUisce Éireann ar an dúshlán sin chun go mbeidh seirbhísí ann. Nuair atá na seirbhísí sin ann - táimid ag plé seirbhísí séarachais agus uisce leis an Aire, an Teachta Browne - beimid in ann díriú isteach ar an talamh sin agus ansin scéim phíolótach a dhéanamh ach ní bheidh an t-údarás ag tógáil tithe. Ag an bpointe seo, tá an chumhacht aige tithe a dhíol ach ní bheidh aon ról aige i dtógáil tithe. Beidh sé an-tábhachtach. Beidh ról tánaisteach aige. Is le haghaidh na húdaráis áitiúla cúrsaí pleanála. Táimid go léir ag teacht le chéile. Tá a lán rudaí ag teacht le chéile anseo. Táimid á mbailiú le chéile. Beidh sé sin leagtha amach sa ráiteas pleanála. Táim ag tabhairt cuiridh. I am inviting people to give their proposals on what a planning statement for the Gaeltacht should look like. There are tough decisions and tough calls to be made on it. However, to say that Údarás na Gaeltachta would have the entire role for housing in the Gaeltacht is wrong because it does not have the skills at the moment in terms of housing development. It has a role, an absolutely central role, in housing. Deputy Kyne’s proposal for pilot schemes is something we will pursue. However, the local authorities have the planning authority based on their development plans and based on the law. The údarás definitely has a role. The difficulty in giving it other roles is that its prime role in terms of enterprise, language planning and the work that it does well would be diluted. At a time when we have good employment in the Gaeltacht, we need to maintain its focus on that. As we will be discussing later, it needs to retain its focus on other opportunities for Gaeltacht employment. We need to grow Gaeltacht employment. We need to grow its role in language planning and strengthen that role. We need to grow its role in supporting the local co-ops. We need it to focus on that role along with an important advisory role in housing as a role tánaisteach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27