Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tá sé ráite agam agus ag roinnt Teachtaí eile anseo cheana féin gurb í an ghéarchéim tithíochta an riosca is mó dár gceantair Ghaeltachta. Tá ár gceantair Ghaeltachta i mbaol de dheasca easpa tithíocht inacmhainne, tithe sóisialta agus cead pleanála do dhaoine gur mhaith leo cur fúthu ina gceantair dhúchais Ghaeltachta. Gan daoine a bheith in ann tithe a thógáil, níl siad in ann clanna a thosú ná a thógáil sna ceantair Ghaeltachta agus caillimid glúin. Nuair atá glúin caillte ag ceantar Gaeltachta, mar atá ag tarlú i mo cheantar féin, Gaeltacht na nDéise, beidh deireadh le ré na Gaeltachta ann. Tá sé seo an-tábhachtach. Tá a fhios agam go dtuigeann an tAire an cheist. Tá sé go breá a rá go bhfuil sé oscailte dár dtuairimí agus moltaí ach tá leasuithe curtha síos againn ar an gCéim seo agus ar Chéim an Choiste agus níor ghlac sé le hoiread is ceann amháin dóibh. Tá sé go breá a rá go bhfuil sé oscailte ach an léireoidh sé dúinn go bhfuil? Níor ghlac sé le hoiread is ceann amháin dár moltaí, moltaí atá ag teacht ó pholaiteoirí san Fhreasúra. Agus an tAire sa Rialtas, ritheann sé le réasún nach nglacfadh sé le leasuithe ón taobh seo. Tuigim é sin go léir. Ag Céim an Choiste, bhí leasuithe i m'ainm féin, in ainm mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, in ainm an Teachta Quaide agus in ainm Catherine Connolly, a bhí ina Teachta ag an am sin agus atá ina hUachtarán anois. Bhíomar oscailte go raibh an-chuid de na moltaí sin ag teacht ó Chonradh na Gaeilge, BÁNÚ agus Tinteán, daoine a bhfuil saineolas acu. Bhí siad ag rá gur chóir na cumhachtaí sin a thabhairt don údarás. Dúirt an tAire nach bhfuil na freagraí go léir ag an údarás agus aontaím leis. Tá an ceart aige. Tá freagracht ar na húdaráis áitiúla dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta. Tá freagracht ar an Aire, ar a chomhghleacaí, an tAire tithíochta, agus ar an Rialtas dul i ngleic léi. Ní cóir dearmad a dhéanamh air sin. Tá an oiread sin ceisteanna ann mar gheall ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, lena n-áirítear tithíocht inacmhainne, tithíocht sóisialta, cúrsaí bonneagar - leanfaidh mé ar aghaidh nuair nach bhfuil aon duine ag féachaint orm - agus, ar ndóigh, cead pleanála, gur féidir linn dul chuig an údarás i gcomhair cuid de na freagraí. Is é sin an fáth go bhfuil na leasuithe seo á gcur chun cinn. Táimid ag iarraidh tuilleadh cumhachtaí a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27