Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor Sheehan (LAB), Limerick City Tá mé buíoch den Aire as an méid a bhí le rá aige mar gheall ar an scéim phíolótach agus mar gheall ar an méid a bhí curtha i láthair ag an Teachta Kyne. Caithfidh muid bogadh ar aghaidh leis sin. Ag an am céanna, áfach, bíonn an t-údarás ag obair maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht pé scéal. Ní aontaím leis an Aire nach bhfuil na scileanna ag an údarás. Tá roinnt scileanna aige agus tá daoine fostaithe ann. Caithfidh muid glacadh leis an leasú seo chun an chumhacht a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta ionas go mbeidh ról lárnach aige maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27