Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Seán Kyne (FG), Galway West Cuirim fáilte roimh ráiteas an Aire go bhfuil sé sásta breathnú ar scéim phíolótach maidir leis sin. Tá a lán áiteanna ina bhféadfaí leanúint ar aghaidh nó breathnú isteach ar scéim phíolótach cosúil leis An Fhairche i gConamara, áit ina bhfuil scéim séarachais faoi láthair. Áit eile is ea Baile na hAbhann, a bhfuil a lán rudaí eile ó thaobh fostaíochta de ann. Tá scoileanna, séipéil agus tithe do dhaoine aosta sa bhaile sin freisin. Mar sin, tá áiteanna a bhféadfaí breathnú orthu sa chomhthéacs seo. Leanaimis ar aghaidh idir an trí eagraíocht sin – an chomhairle contae, an t-údarás agus Uisce Éireann – chun scéimeanna a thógáil sna háiteanna sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27