Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Is tábhachtach comhthéacs a chur leis an díospóireacht seo. Bunaithe ar na figiúirí ó na húdaráis áitiúla, ceadaíodh, ar an meán, 90% d’iarratais phleanála le haghaidh tithíochta sa Ghaeltacht in 2025, rud a léiríonn go bhfuil a lán rudaí ag tarlú sa Ghaeltacht i réimse na tithíochta. Ina theannta sin, bronnadh os cionn €3 milliún ar iarratais i limistéir Ghaeltachta faoin deontas athchóirithe do réadmhaoin fholamh, is é sin, the vacant houses grant. More than €3 million was given to the empty houses grant in Gaeltacht areas le linn 2024 agus 2025, between 2024 and 2025. Léiríonn sé sin go mbíonn pobail na Gaeltachta ag baint leas as an scéim seo. Léiríonn sé go bhfuil rudaí ag tarlú. Aontaím leis an Teachta McGuinness; tá sé seo ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn. Is é sin an fáth nach mbeidh mé in ann a rá go bhfuil freagra éasca air seo ná a mholadh go gcuirfí an freagracht go léir ar an údarás. Tá a lán scileanna san údarás. The údarás has fantastic skills but, in terms of developing housing and planning responsibilities for housing, there are other, quicker ways to do it to get the kind of supply of housing we need for Irish-speaking families in the Gaeltacht areas. Is é sin an fáth a mbíonn muid ag obair go dlúth leis an Aire, an Teachta Browne. Bíonn oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth leis na hoifigigh sa Roinn tithíochta ar an ráiteas pleanála. Agus an ráiteas pleanála sin á chur le chéile, áfach, tá a lán ceisteanna deacra le freagairt, go háirithe maidir leis na cineálacha cáilíochtaí agus conditions a bheidh i gceist le haghaidh cúrsaí pleanála. Tá mé dírithe ar chúrsaí pleanála agus tithíochta. Tá suim agam i bhfad níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine chun tithe a chruthú sa Ghaeltacht, agus tá mé ag obair ar scéimeanna lena dhéanamh. Léiríonn na figiúirí go bhfuil rudaí ag tarlú sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go leagann muid na figiúirí seo amach freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27