Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Dúirt an tAire ansin, “There are other quicker ways to do it”, ach ní fheictear dúinn iad. Níl aon dul chun cinn déanta le linn ré an Aire, le linn ré a pháirtí nó le linn ré a chomhghleacaithe Rialtais, Fine Gael. Tá sé seo ag cur isteach ar na ceantair Ghaeltachta. Tá muid ag iarraidh go mbeadh na cumhachtaí breise seo ag an údarás ionas gur féidir leis ról a imirt i réiteach na géarchéime tithíochta sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom go bhfuil aon duine sa Seomra seo ag rá gurb é an t-údarás an t-aon dream a bheidh lárnach i réiteach na faidhbe seo. Tá géarghá le gach údarás agus Roinn Rialtais a bheith ag oibriú as lámha a cheile chun dul i ngleic leis seo. Ag féachaint ar na húdaráis áitiúla, mar a luaigh mé cheana féin, aontaím leis an Aire go bhfuil ról le himirt acu, ach bíonn siad ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta ina limistéir ina iomláine. Mar shampla, bíonn Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta sa chathair agus i nDún Garbháin, Port Lách agus in áiteanna eile. Bíonn sé freagrach as forbairt tithíochta go ginearálta. Tá taithí agus ról ag Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeltacht a choinneáil beo. Nuair a bhí easpa fostaíochta ag cur le bánú na Gaeltachta, bhí an ról sin dírithe ar chúrsaí fiontraíochta agus cruthú post. Is cúrsaí tithíochta atá anois ag cur le bánú na Gaeltachta. Mar sin, caithfidh Údarás na Gaeltachta ról níos lárnaí a bheith aige i dtaobh tithíochta. Níl aon duine ag argóint go mbeadh gach freagracht ar an údarás le déileáil leis seo, ach tá freagra ar chuid de na ceisteanna ag an údarás. Tá muid ag iarraidh go mbeidh na cumhachtaí sin aige chun dul i ngleic leis an ngéarchéim seo agus a ról a imirt ina leith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27