Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tairgim leasú Uimh. 21: Ar leathanach 13, idir líne 27 agus líne 28, an méid seo a leanas a chur isteach: “(c) Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh ag obair sa limistéar arb ina leith a bhunófar an coiste réigiúnach.”. Tá an leasú seo an-simplí. An sprioc atá againn ná a chinntiú go mbeadh oifigigh pleanála teanga áitiúil i measc na mball ar na coistí réigiúnacha atá luaite sa Bhille. Is é sin le rá go mbeadh na daoine atá fostaithe ag na comharchumainn agus atá faoi stiúir Údarás na Gaeltachta chun pleananna pobalbhunaithe teangeolaíochta agus pleananna teanga a chur i gcrích ar na coistí réigiúnacha chun an saineolas sin agus an taithí atá acu mar shaineolaithe pleanáil teanga a thabhairt chuig na coistí sin. Freisin, ar ndóigh, bheadh daoine atá ag plé go laethúil leis na dúshláin, na constaicí agus leis na féidearthachtaí agus na tosaíochtaí atá ag an bpobal i dtaobh an Ghaelainn a chur chun cinn ina gceantair éagsúla ag an mbord mar chuid de na comhráití agus mar chuid de na coistí réigiúnacha. Impím ar an Aire glacadh leis an moladh seo. Níl costas i gceist. Nílimid ach ag rá go mbeadh daoine eile le saineolas ag an mbord agus rudaí sna réigiúin á phlé. Ritheann sé le ciall. Mar a dúirt an tAire cheana féin cúpla babhta, tá sé oscailte dár moltaí agus don aiseolas atá ag teacht ó na ceantair Ghaeltachta. Tá sé seo ag teacht ón aiseolas ó na hoifigigh pleanála teanga, ó na comharchumainn áitiúla, ó na heagrais atá ag plé le cúrsaí teanga go laethúil, agus ar ndóigh ó na daoine atá ag déanamh ionadaíochta ar na ceantair Ghaeltachta ar an dtaobh seo den Teach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27