Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis an Teachta. Rachaidh na coistí réigiúnacha i gcomhairle le grúpa pleanála teanga sa limistéar faoi leith ina bhunófar an choiste chun comhairle a thabhairt don údarás agus chun cuidiú leis an údarás i gcomhlíonadh a aidhmeanna sa limistéar sin. Léiríonn sé seo an ról atá ag na coistí réigiúnacha ó thaobh na hionadaíochta de. Is fiú a rá chomh maith go bhfuil oifigeach pleanála teanga ar bhord reatha de chuid Údarás na Gealtachta agus iar-oifigeach pleanála teanga chomh maith. Mar a sheasann rudaí, ní cheapaim go bhfuil gá ar leith go mbeadh spás oscailte d’oifigigh pleanála teanga ar na coistí. Tá mé an-chinnte go mbeidh comhráití fiúntacha idir na coistí agus na grúpaí pleanála teanga. Dá bhrí sin ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 21. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27