Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Is cúis díomá é nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis seo. Mar a dúirt mé, sílim go ritheann sé le ciall. Tá réasún ag baint leis an gceist áirithe seo. In an-chuid boird Stát agus an-chuid coistí deonacha agus coistí reachtúla, tuigimid má tá ceisteanna ag teacht aníos le linn cruinnithe coiste nó cruinnithe boird agus má tá coimhlint leasa ann nó faoi baol go mbeadh, gur féidir le daoine seasamh amach. Dá mba rud é go raibh rud éigin le plé ag na coistí réigiúnacha a bhaineann le tuarastal na n-oifigeach pleanála teanga, mar shampla, seans nach mbeadh gá dó a bheith istigh sa chruinniú áirithe sin. Táimid ag rá le dream atá ag obair go dlúth agus go crua chun an Ghaeilge a chur chun cinn, chun na Gaeltachtaí a choimeád slán agus chun dul i ngleic le bánú na Gaeltachta go bhfuil an doras oscailte agus b’fhéidir, trí sheans éigin, go mbeidh siad ar na coistí seo. Aithníonn ár leasú gur cheart go mbeadh siad ann mar cheart agus mar chuid den troscán. Seo teist i ndáiríre maidir le má tá an tAire oscailte do na tuairimí seo agus má tá sé toilteanach glacadh le cuid den aiseolas agus cuid de na héilimh atá ag teacht ó na ceantair Ghaeltachta agus na hoifigigh phleanála teanga chun a chinntiú go bhfuil siad iniata sna comhráite atá ag dul ar aghaidh agus ar na coistí réigiúnacha seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27